COMHAIRLE CONTAE LÚ
Comhairle Contae Lú
Cuid XI den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)
Cuid 8, Airteagal 81 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú)
Forbairt Beartaithe: – Mol Soghluaisteachta Náisiúnta Píolótach – Dún Dealgan
Tugann Comhairle Contae Lú fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe aici oibreacha forbartha a dhéanamh ag roinnt suíomhanna (41 suíomh) laistigh de theorainneacha Phlean Ceantair Áitiúil Dhún Dealgan, go príomha laistigh de Bhaile Dhún Dealgan agus Sráidbhaile na Carraige Duibhe, Co. an Lú. Beidh na nithe seo a leanas i gceist leis na hoibreacha atá beartaithe:
- Suiteáil 41 mol soghluaisteachta a chuireann rochtain áisiúil ar fáil do dhaoine ar raon seirbhísí
soghluaisteachta comhroinnte lena n-áirítear: rothair leictreacha, scútair leictreacha, agus feithiclí
leictreacha chun nascacht a fheabhsú trasna Teorainn Phlean Ceantair Áitiúil Dhún Dealgan. - Suiteáil an méid seo a leanas: seastáin rothair Sheffield, seastáin pháirceála do scútair leictreacha, cuaillí eolais, colbhaí íslithe, pábháil agus codanna beaga de chosán nuair is gá agus marcálacha bóthair chun an mol soghluaisteachta a mharcáil.
- Chomh maith leis an méid thuas, tá sé beartaithe stáisiún luchtaithe feithiclí leictreacha amháin (uasmhéid 2 phlocóid 22kw) a chur ag 6 shuíomh. Molann na suíomhanna mol soghluaisteachta seo piléar beag, duchtú agus fóntais ghaolmhara agus aon oibreacha coimhdeacha riachtanacha freisin.
Aitheantas an tSuímh
Suíomh beartaithe
3 Siúlóid Bruach Abhann San Eiléana
5 Cearnóg an Mhargaidh
6 Páirceáil don Siúlán Fada – Gearrthéarmach 10 Tom Bellew Avenue- Cresent 2
14 Marlbog Road – Bóthar Bhaile Átha Cliath
15 Cois farraige na Carraige Duibhe
16 Bóthar an Phointe – Na cluainte
19 Aura Leisure / Oifigí CCL
21 An Siúlán Fhada (Páirceáil Fadtéarmach)
22 Siúlóid Bruach Abhann Dhroichead Dhún Dealgan 23 San Eiléana / Inner Relief RD
24 Páirc Aisling
25 Tom Bellew Avenue- Páirc an Chladaigh
26 Bealach Isteach DKIT
27 Ionad Pobail na Carraige Duibhe 29 Clan Na Gael GFC
30 Céide Mhic an Ghaill – Tesco
31 Barr Bellewbridge / Bóthar Chaisleán Dhún Dealgan 32 Lána Uí Eochaidh – Páirc Muirthevnamor
34 Inner Relief Rd – Corrán Fhionnúrach
35 Spóirt DKIT
36 Tom Bellew Avenue/ Inner Relief Road
38 Red Barns Road – Gairdíní na Cufróige
40 Mainéar Bhaile Uí Leannáin
42 Lios Dubh (Bóthar Ard Mhacha)
45 Cluain Éanna – Bóthar San Alfonsas
46 Ospidéal Chontae Lú
49 Carrchlós Poiblí Na Rampair
52 Teach na Cúirte
54 Cúirt an Ghoirt Ghlais
55 Carrchlós Ascaill Mhic an tSaoi
60 St Fursey’s Terrace
61 An Phríomhshráid, An Charraig Dhubh
63 Carrchlós Shráid na Beairice
64 Eaglais San Nioclás
65 Bellewsbridge Rd/Páirc Fatima
66 Lána Uí Eochaidh – Coláiste Uí Fhiaich
67 Phillip Street
68 Radharc na Páirce/Bailtíní na Páirce
72 Peace Garden- R132 73 Gort na Glaise
Tá scagthástálacha déanta ag Comhairle Contae Lú agus tá an méid seo a leanas cinntithe acu:
De réir Airteagal 81 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 arna leasú, tá Comhairle Contae Lú tar
éis teacht ar an gconclúid, tar éis réamhscrúdú de bhun fhorálacha airteagal 120(1)(b)(i) de na Rialacháin
Pleanála agus Forbartha 2001 arna leasú, nach bhfuil aon dóchúlacht iarbhír ann go mbeidh éifeachtaí
suntasacha ar an gcomhshaol mar thoradh ar an bhforbairt atá beartaithe agus nach bhfuil gá le Measúnú
Tionchair Chomhshaoil.
De réir fhorálacha airteagal 250 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 arna leasú, rinne Comhairle Contae Lú scagadh ar an bhforbairt atá beartaithe chun a mheas, i bhfianaise an eolais eolaíoch is fearr, an mbeadh seans maith ann go mbeadh tionchar suntasach ag an bhforbairt, ina haonar nó i gcomhar le pleananna nó tionscadail eile, ar shuíomh Eorpach. Dá réir sin, tá cinneadh déanta ag Comhairle Contae Lú nach dócha go mbeadh tionchar suntasach ag an bhforbairt atá beartaithe ar shuíomh Eorpach agus nach bhfuil gá le Measúnú Cuí.
I gcás ina measann aon duine go mbeadh seans ann go mbeadh éifeachtaí suntasacha ag an bhforbairt atá beartaithe ar an gcomhshaol, féadfaidh sé nó sí, tráth ar bith roimh dheireadh 4 seachtaine dar tosach dáta foilsithe an fhógra seo, iarratas a dhéanamh, de réir fhorálacha airteagal 120 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 arna leasú, chuig an gCoimisiún Pleanála ar chinneadh scagtha i dtaobh an mbeadh seans ann go mbeadh éifeachtaí den sórt sin ag an bhforbairt.
Féadfar pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe a iniúchadh nó a cheannach, ar tháille nach mó ná costas réasúnta cóipe a dhéanamh, ó Dé Máirt an 3 Feabhra 2026 go dtí Dé Máirt an 3 Márta 2026 san áireamh ag oifigí Chomhairle Contae Lú, mar a luaitear thíos le linn uaireanta oscailte poiblí ag:
- Comhairle Contae Lú, Halla an Chontae, Ionad na Mílaoise, Dún Dealgan, Co. Lú, A91 KFW6 agus
- Comhairle Contae Lú, Sráid Crowe, Dún Dealgan, Co. Lú, A91 W20C
- Beidh pleananna agus sonraí ar fáil freisin le féachaint ar líne ag https://planning.localgov.ie/en
Féadfar aighneachtaí nó breathnuithe maidir leis an bhforbairt atá beartaithe, a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair ina mbeadh an fhorbairt suite, agus iad marcáilte go soiléir – Mol Náisiúnta Soghluaisteachta Píolótach – Dún Dealgan , a dhéanamh ar nó roimh 5:00pm Dé Céadaoinan 18 Márta 2026 trí cheann amháin de na bealaí seo a leanas: - I scríbhinn chuig an té atá sínithe thíos ag Comhairle Contae Lú, Halla an Chontae, Ionad na Mílaoise, Dún Dealgan, nó
- Trí Thairseach Pleanála Chuid 8 Náisiúnta https://planning.localgov.ie/en
Dáta: 3 Feabhra 2026
John O’Hagan
Príomhinnealtóir
Mórthionscadal Caipitil & Seachadadh Bonneagair
Comhairle Contae Lú
Dún Dealgan
Contae Lú A91 KFW6
