Louth County Council
Comhairle Contae Lú
Cuid XI den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)
Cuid 8, Airteagal 81 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú)
Tugann Comhairle Contae Lú fógra leis seo go bhfuil sé ar intinn aici oibreacha forbartha a dhéanamh ag Ceathrú San Nioclás Céim 2, Dún Dealgan, Co. Lú sna suíomhanna seo a leanas:
- Eaglais San Nioclás, Sráid an Droichid, Dún Dealgan, Co. Lú, A91 FK19, Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (RPS LCC I.D. D031 NIAH_No 13701004). Tá an láithreán seo suite laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta Shráid Chlann Bhreasail (ACA 5), mar atá ainmnithe i bPlean Ceantair Áitiúil Dhún Dealgan 2025 – 2031.
- 2 Sráid an Droichid, Dún Dealgan, Co. Lú A91 K126
- 3 Sráid an Droichid, Dún Dealgan, Co. Lú A91 D683
- Carrchlós Halla an Lín, Sráid Halla an Lín, Dún Dealgan, Co. Lú
- 27 Sráid an Droichid, Dún Dealgan, Co. Lú A91 Y207
- Lána Theach an Tionóil, Dún Dealgan, Contae Lú
- Gairdín Síochána, Páirceanna an Bhaile, Dún Dealgan, Co. Lú
Is éard atá i gceist leis na hoibreacha atá beartaithe:
A. Spás fearainn phoiblí ar thailte Eaglais San Nioclás.
Gairdín reatha na heaglaise a athchumrú chun rochtain d’fheithiclí a éascú. Tírdhreachú breise, tírdhreachú
crua agus gach obair choimhdeach ghaolmhar ar an láithreán a sholáthar.
B. Mol Ilfheidhmeach Cultúrtha agus Pobail ina mbeidh Nasc Coisithe Thoir–Thiar agus Spás Poiblí.
An scartáil atá beartaithe ar uimh. 2 Sráid an Droichid chun nasc nua coisithe Thoir–Thiar a éascú idir Sráid
an Droichid agus Sráid Halla an Lín. Uimh. 3 Sráid an Droichid a scartáil chun foirgneamh pobail nua dhá
stór a éascú, ina mbeidh 4 spás ilúsáide, áit fáiltithe agus spásanna coimhdeacha ar leibhéal urlár na talún.
Ar leibhéal an chéad urláir, aonad cónaithe aon seomra leapa ag féachaint amach ar Shráid an Droichid agus
spás pobail ilúsáide ag féachaint amach ar Shráid Halla an Lín. Soláthar fearainn phoiblí ina mbeidh 5 spás
páirceála ar an tsráid, 1 bhá lódála, páirceáil rothar, tírdhreachú, tírdhreachú crua agus gach obair ghaolmhar
ar an láithreán.
C. 6 aonad cónaithe déphléacsacha ina mbeidh 4 aonad aon seomra leapa agus 2 aonad dhá sheomra leapa.
D. Nasc nua coisithe Thoir–Thiar ag Lána Theach an Tionóil, ina mbeidh uimh. 27 Sráid an Droichid á scartáil
agus oscailt nua do choisithe amháin á cruthú sa bhalla cloiche ag ceann Lána Theach an Tionóil.
Tírdhreachú, tírdhreachú crua agus gach obair choimhdeach ghaolmhar ar an láithreán a sholáthar.
E. Athnuachan Pháirc na Síochána a thabhairt chun críche, lena n-áirítear limistéir chéadfacha do leanaí a
shuiteáil, cosáin nua, tírdhreachú crua, colbhaí, páirceáil rothar agus tírdhreachú bog, mar aon le gach obair
ghaolmhar forbartha láithreáin agus gach seirbhís ghaolmhar.
De réir Airteagal 81 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), tá Comhairle Contae Lú tar éis
teacht ar an gconclúid, bunaithe ar réamhscrúdú de bhun fhorálacha Airteagal 120(1)(b)(i) de na Rialacháin um
Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), nach bhfuil aon dóchúlacht iarbhír ann go mbeidh éifeachtaí suntasacha ar
an gcomhshaol mar thoradh ar an bhforbairt bheartaithe agus nach bhfuil gá le Measúnacht Tionchair Timpeallachta.
I gcás go measann aon duine gur dócha go mbeadh tionchar suntasach ag an bhforbairt bheartaithe ar an
gcomhshaol, féadfaidh sé nó sí, tráth ar bith roimh dheireadh tréimhse 4 seachtaine dar tús dáta foilsithe an fhógra
seo, iarratas a dhéanamh de réir fhorálacha Airteagal 120 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna
leasú) leis an gCoimisiún Pleanála chun cinneadh scagthástála a fháil maidir le cé acu ar dócha go mbeadh tionchar
den sórt sin ag an bhforbairt nó nach mbeadh.
De réir fhorálacha Airteagal 250 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), rinne Comhairle
Contae Lú scagadh le haghaidh Measúnachta Cuí ar an bhforbairt bheartaithe chun a mheas, i bhfianaise an eolais
eolaíoch is fearr, an dócha go mbeadh tionchar suntasach ag an bhforbairt, ina haonar nó i gcomhar le pleananna nó
tionscadail eile, ar shuíomh Eorpach. Dá réir sin, chinn Comhairle Contae Lú nach dócha go mbeidh tionchar
suntasach ag an bhforbairt bheartaithe ar shuíomh Eorpach.
Féadfar pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe a iniúchadh nó a cheannach, ar tháille nach mó ná an costas
réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh, ón Máirt, an 29 Meán Fómhair 2026 go dtí an Mháirt, an 27 Deireadh
Fómhair 2026 (an dá dháta san áireamh), in oifigí Chomhairle Contae Lú, le linn uaireanta oscailte don phobal, ag:
Comhairle Contae Lú, Halla an Chontae, Ionad na Mílaoise, Dún Dealgan, Co. Lú, A91 KFW6.
Beidh pleananna agus sonraí ar fáil lena n-iniúchadh ar líne freisin ag www.louthcoco.ie
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe, a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt
inbhuanaithe an limistéir ina mbeidh an fhorbairt suite, agus a mbeidh “Ceathrú San Nioclás, Céim 2, Cuid 8”
marcáilte go soiléir orthu, a dhéanamh;
- I scríbhinn chuig an té atá sínithe thíos ag Comhairle Contae Lú, Halla an Chontae, Ionad na Mílaoise, Dún Dealgan, Co. Lú nó.
- Tríd an Tairseach Náisiúnta Pleanála Chuid 8 ag https://planning.localgov.ie/en
roimh 5.00 i.n. Dé Máirt, an 10 Samhain 2026.
Dáta: an 29 Meán Fómhair 2026
Bryan Coughlan
Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach
Príomhthionscadail Chaipitil agus Seachadadh Bonneagair
Comhairle Contae Lú
Louth County Council
Comhairle Contae Lú
Part XI of the Planning and Development Act 2000 (as amended)
Part 8, Article 81 of the Planning and Development Regulations 2001 (as amended)
Louth County Council hereby gives notice of its intention to carry out development works at St. Nicholas Quarter Phase 2, Dundalk, Co. Louth at the following locations:
- Church of Saint Nicholas, Bridge Street, Dundalk, Co. Louth, A91 FK19, Record of Protected Structure (RPS LCC I.D. D031 NIAH_No 13701004). This site is located within the Clabrassil Street Architectural Conservation Area (ACA 5) as designated in the Dundalk Local Area Plan 2025 – 2031
- 2 Bridge Street, Dundalk, Co. Louth A91 K126
- 3 Bridge Street, Dundalk, Co. Louth A91 D683
- Linenhall Carpark, Linenhall Street, Dundalk, Co. Louth
- 27 Bridge Street, Dundalk, Co. Louth A91 Y207
- Meeting House Lane, Dundalk County Louth
- Síocháin Peace Garden, Townparks, Dundalk, Co. Louth
The proposed works involves:
F. Public Realm space to grounds of St. Nicholas Church.
Reconfiguration of existing church garden to facilitate vehicular access. Provision of additional landscaping, hardscaping and all associated ancillary site works.
G. Multifunctional Cultural and Community Hub with East West Pedestrian Connection and Public Space. Proposed demolition of no. 2 Bridge Street to facilitate a new East West pedestrian connection from Bridge Street to Linenhall Street. The demolition of no. 3 Bridge Street to facilitate a new 2-story community building consisting of 4 no. multi-use, reception and ancillary spaces at ground floor level. At first floor level, a one- bedroom residential unit facing Bridge Street and a multi-use community space facing Linenhall Street. Public realm provision consisting of 5 no. on-street parking spaces, 1 no. loading bay, bicycle parking, landscaping, hardscaping and all associated siteworks.
H. 6 no. residential duplex units consisting of 4 no. one bedroom units and 2 no. two bedroom units.
I. New East West pedestrian connection at Meeting House Lane consisting of the demolition of no 27 Bridge Street and formation of a new pedestrian only opening in the stone wall at the end of Meeting House Lane. The provision of landscaping, hardscaping and all associated ancillary siteworks.
J. Completion of rejuvenation of the Peace Park consisting of the installation of children’s sensory areas, new pathways, hard landscaping, kerbing, bicycle parking and soft landscaping with all associated site development works and associated services.
In accordance with Article 81 of the Planning and Development Regulations 2001 as amended, Louth County Council has concluded from a preliminary examination pursuant to the provisions of article 120(1)(b)(i) of the Planning and Development Regulations 2001 as amended that there is no real likelihood of significant effects on the environment arising from the proposed development and that an Environmental Impact Assessment is not required.
Where any person considers that the proposed development would be likely to have significant effects on the environment, he or she may, at any time, before the expiration of 4 weeks beginning on the date of publication of this notice, apply in accordance with the provisions of article 120 of the Planning and Development Regulations 2001 as amended to An Coimisiún Pleanála for a screening determination as to whether the development would be likely to have such effects.
In accordance with the provisions of article 250 of the Planning and Development Regulations 2001 as amended, Louth County Council has carried out an Appropriate Assessment screening of the proposed development to assess, in views of best scientific knowledge, if the development, individually or in combination with other plans or projects, would be likely to have a significant effect on a European site. Accordingly, Louth County Council has determined that the proposed development would not be likely to have a significant effect on a European site.
Plans and particulars of the proposed development may be inspected or purchased, at a fee not exceeding the
reasonable cost of making a copy, from Tuesday, 29 th September 2026 until Tuesday, 27 th October 2026 (inclusive)
at the offices of Louth County Council, during public opening hours at:
Louth County Council, County Hall, Millennium Centre, Dundalk, Co. Louth, A91 KFW6.
Plans and particulars will also be available to view online at www.louthcoco.ie
Submissions or observations with respect to the proposed development, dealing with the proper planning and
sustainable development of the area in which the development would be situated, clearly marked “St. Nicholas
Quarter Phase 2 Part 8” may be made either;
- in writing to the undersigned at Louth County Council, County Hall, Millennium Centre, Dundalk, Co
Louth or - via National Part 8 Planning Portal https://planning.localgov.ie/en
before 5.00 pm on Tuesday, 10 th November 2026.
Dated: 29 th September 2026
Bryan Coughlan
Senior Executive Officer
Major Capital Projects & Infrastructure Delivery
Louth County Council


