Scéim Faoisimh Tuilte Dhún Dealgan, Lá Rannpháirtíochta Poiblí Dhún Dealgan

SCÉIM FAOISIMH TUILTE DHÚN DEALGAN
Roghanna Faoisimh Tuile atá ag Teacht Chun Cinn i
nDún Dealgan Lá Rannpháirtíochta Poiblí

Dé Céadaoin, 29 Aibreán 2026
11:00 am—7:00 pm

Hamilton Suite, Óstán Gateway (A91 EF88)

Tugann Comhairle Contae Lú cuireadh duit chuig Lá Rannpháirtíochta Poiblí chun na roghanna faoisimh tuilte ardleibhéil atá ag teacht chun cinn do Dhún Dealgan a chur i láthair. Is mian linn do thuairimí a bhailiú agus a chinntiú go bhfuil ról fiúntach ag an bpobal maidir le haon chosaint ar thuilte amach anseo
a mhúnlú do Dhún Dealgan.

Ag an imeacht, beidh rannpháirtithe in ann:

  • Gach rogha ardleibhéil atá ar an ngearrliosta a fheiceáil,
  • Na srianta agus na deiseanna a fheiceáil,
  • Labhairt go díreach le baill den fhoireann tionscadail, agus
  • Do thuairimí a roinnt trí cheistneoir a chomhlánú.

Tá luach ar do rannpháirtíocht agus cabhróidh sí leis an bpróiseas cinnteoireachta chun an Rogha Faoisimh Tuilte is Fearr a roghnú.

Mura féidir leat freastal ar an lá, beidh an t-eolas taispeána agus an ceistneoir ar fáil ar líne ar shuíomh gréasáin an tionscadail:www.floodinfo.ie/dundalkfrs


Má tá aon cheist agat faoin scéim, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Tionscadail ag: DundalkArdeeFRS@nodwyer.com

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *