Comhairle Contae Lú
Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, arna leasú, agus Alt 95 den Acht
um Thrácht ar Bhóithre, 1961
De réir fhorálacha Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, arna leasú, tugann Comhairle Contae Lú fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe aici na bearta maolaithe tráchta seo a leanas a chur i bhfeidhm ag na suíomhanna seo a leanas:
Suíomh:
Bealaí Sábháilte chun na Scoile – Sráid an Mhuilinn, Dún Dealgan, Contae Lú -L20018.
Bearta chun Trácht a Mhoilliú:
Tá sé mar aidhm ag na bearta atá beartaithe bealaí sábháilte a sholáthar do leanaí atá ag siúl, ag rothaíocht agus ag scútáil chun na scoile agus ag an am céanna cabhrú le luas tráchta a laghdú, trasbhealaí coisithe sábháilte a sholáthar d’úsáideoirí bóithre leochaileacha agus dóibh siúd a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus inrochtaineacht a fheabhsú.
Baineann na hoibreacha ag an dá scoil leis an mbóthar atá ann cheana féin; ní dhéanfar aon obair lasmuigh de theorainneacha an bhóthair, an imeall nó na cosáin atá ann cheana, agus is iad seo a leanas na príomhghnéithe a bhaineann leo:
- Marcálacha Bóthair agus Comharthaíocht Nua.
- Cosáin nua.
- Rampaí agus Soilsiú.
- Pointí Trasnaithe do Choisithe atá Ardaithe.
- Mullaird nua do Bhealaí Sábháilte chun na Scoile.
- Gearrthaí sa cholbhaí, bealaí rochtana rampa agus codanna beaga de chosán chun nascadh le cosán atá ann cheana.
- Feabhsú ar mharcálacha, gnéithe tadhaill agus comharthaíocht do chosáin.
- Bainistíocht tráchta shealadach le linn na n-oibreacha, agus oibreacha gaolmhara.
I gcomhréir le hIonstraim Reachtúil Uimh. 476 de 2011, Alt 250, Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) (Uimh. 3), 2011, agus le hIonstraim Reachtúil Uimh. 296 de 2018, Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Measúnú ar Thionchar ar an gComhshaol), 2018, tá scagthástálacha déanta ag Comhairle Contae Lú agus tá
cinneadh déanta aici, dar dáta an 2 Samhain 2026, go:
- Ní gá Measúnú Cuí a dhéanamh.
- Níl aon dóchúlacht réadúil ann go mbeidh tionchair shuntasacha ar an gcomhshaol; dá bhrí sin, tá sé tugtha i gcrích sa réamh-mheasúnú nach bhfuil gá le Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair ar an gComhshaol.
Beidh líníochtaí agus sonraí a léiríonn na tograí ar fáil lena scrúdú le linn gnáthuaireanta oifige ón Dé Máirt, an 24 Samhain 2026, go dtí an Dé Máirt, an 8 Nollaig 2026, san áireamh, ag na láithreacha seo a leanas:
- Oifigí Chomhairle Contae Lú, Halla an Chontae, Ionad na Mílaoise, Dún Dealgan, Contae Lú. A91 KFW6.
- Oifigí Chomhairle Contae Lú, Sráid Crowe, Dún Dealgan, Contae Lú. A91 W20C.
- Tairseach Chomhairliúcháin Chomhairle Contae Lú, ag baint úsáide as an nasc seo a leanas:
https://consult.louthcoco.ie/en/consultation/safe-routes-school-mill-street-dundalk-co-louth-l20018
Is féidir aighneachtaí nó barúlacha maidir leis na bearta feabhsúcháin sábháilteachta seo a chur isteach i scríbhinn agus iad marcáilte mar ‘Alt 38 – Bealaí Sábháilte chun na Scoile’, agus teideal an tionscadail mar atá thuas ina dhiaidh sin chuig:
- John O Hagan, Innealtóir Sinsearach, Mórthionscadail Chaipitil agus Seachadadh Bonneagair, Comhairle Contae Lú, Halla an Chontae, Ionad na Mílaoise, Dún Dealgan, Contae Lú. A91 KFW6 nó
- Trí Thairseach Chomhairliúcháin Chomhairle Contae Lú, ag baint úsáid as an nasc seo a leanas
https://consult.louthcoco.ie/en/consultation/safe-routes-school-mill-street-dundalk-co-louth-l20018
ar nó roimh 8 Nollaig 2026
John O Hagan
Innealtóir Sinsearach
Mórthionscadail Chaipitil agus Seachadadh Bonneagair
Comhairle Contae Lú
24 Samhain 2026
Section 38 of The Road Traffic Act 1994, as amended and Section 95 of the Road
Traffic Act 1961
In accordance with the provisions of Section 38 of the Road Traffic Act 1994, as amended, Louth County Council hereby gives notice of its intention to provide the following road traffic calming measures at the following locations:
Location:
Safe Routes to School – Mill Street, Dundalk, Co. Louth – L20018.
Traffic Calming Measures:
The proposed measures aim to provide safe routes for children walking, cycling and scooting to school while also helping reduce traffic speeds, provide safe pedestrian crossings for vulnerable road users and those with reduced mobility and improve
accessibility.
The extent of works over the two schools is on existing carriageway with no works outside the existing road/verge/footpath footprint, and primarily consists of:
- New Road Markings and Signage.
- New footpaths.
- Ramps and Lighting.
- Raised Pedestrian Crossing Points.
- New Safe Routes to School Bollards.
- Kerb cuts, ramp accesses, and small sections of footpath to connect into existing footpath.
- Improvement in markings, tactiles and signage for footpaths.
- Temporary traffic management during the works, and associated works.
In accordance with S.I. 476, 2011, Section 250, Planning and Development (Amendment) (No.3) Regulations, 2011, and S.I. 296, 2018 European Union (Planning and Development) (Environmental Impact Assessment) Regulations 2018, Louth County Council has carried out screenings and made a determination dated 2 nd November 2026 that:
- An Appropriate Assessment is not required.
- There is no real likelihood of significant effects on the environment so therefore the preliminary assessment has concluded that an Environmental Impact Assessment Report is not required.
Drawings and particulars indicating the proposals will be available for inspection during normal office hours from Tuesday 24 th November, 2026 to Tuesday 8 th December, 2026 inclusive at the following locations:
- The Offices of Louth County Council, County Hall, Millennium Centre, Dundalk, Co. Louth. A91 KFW6.
- The Offices of Louth County Council, Crowe Street, Dundalk, Co. Louth. A91W20C.
- Louth County Council’s Consultation Portal using the following link:
https://consult.louthcoco.ie/en/consultation/safe-routes-school-mill-street-dundalk-co-louth-l20018
Submissions or observations, marked Section 38 Safe Routes to School followed by project title as above, in respect of these safety improvement measures may be made in writing to:
- John O Hagan, Senior Engineer, Major Capital Projects & Infrastructure Delivery, Louth County Council, Millennium Centre, Dundalk, Co. Louth A91 KFW6 or
- via Louth County Council’s Consultation Portal using the following link:
https://consult.louthcoco.ie/en/consultation/safe-routes-school-mill-street-dundalk-co-louth-l20018
on or before 8 th December 2026
John O Hagan
Senior Engineer
Major Capital Projects & Infrastructure Delivery
Louth County Council
24th November 2026





