Roghanna Faoisimh Tuile atá
ag Teacht Chun Cinn i nDún
Dealgan Lá Rannpháirtíochta
Poiblí
Dé Céadaoin, 29 Aibreán, 2026
11:00 am—7:00 pm
Hamilton Suite,
Óstán Gateway
(A91 EF88)
Tugann Comhairle Contae Lú cuireadh duit chuig Lá Rannpháirtíochta Poiblí chun na roghanna faoisimh
tuilte ardleibhéil atá ag teacht chun cinn do Dhún Dealgan a chur i láthair. Is mian linn do thuairimí a
bhailiú agus a chinntiú go bhfuil ról fiúntach ag an bpobal maidir le haon chosaint ar thuilte amach
anseo a mhúnlú do Dhún Dealgan.
Ag an imeacht, beidh rannpháirtithe in ann:
- Gach rogha ardleibhéil atá ar an ngearrliosta a fheiceáil,
- Na srianta agus na deiseanna a fheiceáil,
- Labhairt go díreach le baill den fhoireann tionscadail, agus
- Do thuairimí a roinnt trí cheistneoir a chomhlánú.
Tá luach ar do rannpháirtíocht agus cabhróidh sí leis an bpróiseas cinnteoireachta chun an Rogha
Faoisimh Tuilte is Fearr a roghnú.
Mura féidir leat freastal ar an lá, beidh an t-eolas taispeána agus an ceistneoir ar fáil ar líne ar shuíomh
gréasáin an tionscadail : www.floodinfo.ie/dundalkfrs
Má tá aon cheist agat faoin scéim, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Tionscadail ag:
DundalkArdeeFRS@nodwyer.com
